Clár comhrá agus spraoi, agallaimh agus amhráin, á chur i láthair ag Bernadette Watson.
Tá clár an lae inniu urraithe ag Seachtain na Gaeilge le Energia. Mary O’Leary, Anne Kenny agus Jason McCormack ag caint mar gheall ar na nathanna agus na focail is ansa leo sa Ghaeilge. Eibhlín Uí Mhorónaigh ag labhairt liom mar gheall ar Chraobh Chonradh na Gaeilge san Aonach i dTiobraid Árann agus ‘Cúl an Tí’ seolta! Seo comhthionscadal idir Mountshannon Arts agus Craobh Oirthear an Chláir den Chonradh, chun athbheochan agus athghabháil a dhéanamh ar chuid de sheoda theanga ársa na Gaeilge. Craolta ar dtús 14/3/21.
On today’s programme, sponsored by Seachtain na Gaeilge le Energia, Mary O’Leary, Anne Kenny and Jason McCormack talk about their favourite words and phrases in Irish, Eibhlín Uí Mhorónaigh chats from Nenagh about their vibrant Conradh na Gaeilge branch and the ‘Cúl an Tí’ initiative is launched. This is a joint effort between Mountshannon Arts and our local East Clare branch of Conradh na Gaeilge to rediscover and regenerate some of those old forgotten gems from the language and share them with each other. Originally broadcast on 14th March ’21.