Más maith leatsa bheith ag éisteacht leis an nGaeilge ar an raidió, bígí linn amárach Dé Domhnaigh, nuair a beidh clár nua ag tosnú anseo, ar Raidió Pobail Chuan na Scairbhe, curtha i láthair ag Bernadette Watson. Gaeilge agus Fáilte is ainm don chlár, agus Gaeilge is mó a bheidh le cloisint ar an gclár, ach chomh maith le sin, beidh cuid den chlár dírithe ar fhoghlaimeoirí na teanga. Beidh meascán de chaint agus amhráin ann, agus tá súil againn go mbeidh rud éigin ann d’éinne go bhfuil grá acu don teanga dhúchais.
Mar a deirtear: Beatha teanga í a labhairt!
Anew programme called ‘Gaeilge agus Fáilte’ on SBCR. The programme will be a mixture of talk and song and will be of interest to anyone with a grá for the Irish language. Presented by Bernadette Watson, one of our volunteers here in SBCR. Fáilte romhaibh go léir.