IRISH ORIGINAL TEXT:
Tá gá le feachtas in aghaidh féinmharaithe
Bhí ionadh an domhain ar mhuintir na hÉireann an tseachtain seo caite nuair a fógraíodh gur chuir 527 duine lámh ina mbás féin anuraidh. Rinneadh plé ar an staitistic scanrúil seo ar gach uile stáisiún raidió agus nuachtán agus is léir go bhfuil géarghá aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb go luath.
Tháinig laghdú ar an líon daoine a mharaítear ar na bóithre in Éirinn nuair a chaith an Rialtas dóthain airgid chun cosc...
IRISH ORIGINAL TEXT:
Tá gá le feachtas in aghaidh féinmharaithe
Bhí ionadh an domhain ar mhuintir na hÉireann an tseachtain seo caite nuair a fógraíodh gur chuir 527 duine lámh ina mbás féin anuraidh. Rinneadh plé ar an staitistic scanrúil seo ar gach uile stáisiún raidió agus nuachtán agus is léir go bhfuil géarghá aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb go luath.
Tháinig laghdú ar an líon daoine a mharaítear ar na bóithre in Éirinn nuair a chaith an Rialtas dóthain airgid chun cosc a chur leis.
Teastaíonn gníomhaíocht cosúil leis seo chun leigheas a fháil ar fhadhb an fhéinmharaithe freisin.
Tá éacht déanta ag Mary Mc Ternan agus lucht STOP.
Tá sí ag baint úsáide as a taithí féin chun cabhair a thabhairt do dhaoine eile agus ba cheart ardmholadh a thabhairt di.
Mar a dúirt sí, is minic nach dtugtar faoi deara go bhfuil fadhb ann nó go mbíonn sé ródhéanach. Caithfimid an scéal a scaipeadh dá bhrí sin, go bhfuil cabhair ar fáil d’aon daoine a bhfuil deacrachtaí acu.
ENGLISH LANGUAGE TRANSLATION:
There is a need for an anti-suicide campaign
The people of Ireland were amazed last week when it was announced that 527 people killed themselves last year.
This frightening statistic was discussed on every radio station and newspaper and it is clear that there is an urgent need to address the problem soon.
There was a decrease in the number of people killed on Irish roads when the Government spent sufficient money in order to prevent it.
Similar action to this is needed to find a solution to the problem of suicide also.
Mary Mc Ternan and STOP have achieved a lot.
She is using her own experience to bring help to others and she should be highly commended.
As she said, a problem often goes unnoticed until it is too late. We must spread the news therefore, that there is help available for any people who have difficulties.
View more